Cheannaigh a athair feirm sna Gleannta agus shocair siad ansin. £400 a chosain sé ach ní raibh sin uilig ag a athair, ní raibh aige ach £200 agus fuair sé iasacht den chuid eile. D’oibir siad uilig go crua leis an obair sin a dhíol ar ais, Seosamh, a dheartháir agus a dheirfiúr ag obair thall in Albain agus iad ag cur airgid na bhaile. Cuid mhór airgid a bhí ann san am sin.